Scoil Angela, Ursuline Primary School, Thurles, Co. Tipperary

Seachtain na Gaeilge - Céilí sa Halla 🎢☘️

15th Mar 2026

Bhí am iontach againn inár scoil ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le céilí scoile! Ghlac gach rang páirt ann, ó Naíonáin Shóisearacha go Rang a Sé. Bhí an halla lán le ceol, gáire agus damhsa. Bhí sé go hálainn na páistí ó gach aois a fheiceáil ag glacadh páirte, ag cabhrú lena chéile agus ag baint taitnimh as ár gcultúr agus ár dteanga. Maith sibh go léir!πŸ‘πŸ‘πŸ‘