Scoil Angela, Ursuline Primary School, Thurles, Co. Tipperary

Lá Glas agus Ceolchoirm sa Halla☘️🎶

17th Mar 2026

Bhí Lá Glas  againn Dé hAoine. Chaith na páistí agus na múinteoirí éadaí glasa chun an lá a cheiliúradh.Bhí ceolchoirm speisialta againn sa halla freisin. Ghlac gach rang páirt inti, ó Naíonáin Shóisearacha go Rang a Sé. Chan na páistí amhráin, rinne siad damhsaí agus bhí an-spraoi ag gach duine.☘️